Water Network Maintenance & Repair Operative - South Dublin / Dun Laoghaire
Uisce Éireann · East, Ireland
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Is bunchloch í an fheidhm Oibríochtaí Sócmhainní maidir le seachadadh seirbhíse do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus na caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, rud a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus seirbhís do chustaiméirí ar fáil.
Tá freagracht ar fhoireann na nOibríochtaí Réigiúnacha as soláthar réigiúnach seirbhísí oibriúcháin uisce agus fuíolluisce trí na sócmhainní cóireála agus líonra a oibriú, a iniúchadh, a chothabháil agus a dheisiú.
Tá an tOibrí C&D Líonra Uisce freagrach don Cheannasaí Foirne Cothabhála agus Deisithe Líonra Uisce, tá sainchúram limistéir aige/aici agus tá sé/sí freagrach as tacú le soláthar sábháilte gníomhaíochtaí cothabhála agus deisithe, idir bheartaithe agus fhrithghníomhach, ar fud an bhonneagair líonra uisce.
Beidh sé riachtanach obair a dhéanamh lasmuigh d’uaireanta oibre agus beidh rátaí oiriúnacha ragoibre agus fuireachais i bhfeidhm.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
• Tacú le soláthar sábháilte glan gníomhaíochtaí cothabhála agus deisithe, idir bheartaithe agus fhrithghníomhach, ar fud an bhonneagair líonra uisce lena n-áirítear obair a bhaineann le deisiúcháin nuair a bhíonn pléascanna agus sceití ann, príomhphíobáin uisce agus seirbhísí uisce agus na fearais ionaid lena mbaineann, méadair uisce agus boscaí méadair uisce na gcustaiméirí, taiscumair sheirbhíse a ghlanadh, comhlaí agus hiodraint dóiteáin a athsholáthar, agus tástálacha a dhéanamh nuair a bhíonn an obair dheisiúcháin ar phíobáin agus pumpaí curtha i gcrích, d’fhonn seirbhís sheasmhach a chur ar fáil do chustaiméirí.
• Tabhairt faoi obair ar an Líonra Uisce, de réir mar is gá agus de réir do chuid scileanna agus saineolais. Baineann an obair seo le Príomhphíobáin Uisce a Athshlánú, le Príomhphíobáin Uisce a leagan, le Méadair a Shuiteáil agus a Cheangal agus le hoibreacha eile ar an Líonra Uisce.
• Freastal ar aláraim, clúdach éigeandála a sholáthar agus ceisteanna agus fadhbanna le sócmhainní bhonneagair an líonra uisce a réiteach.
• Cothabháil agus deisiú a dhéanamh ar mhéadair seachtracha uisce, lena n-áirítear iniúchtaí suímh a dhéanamh agus méadair a bhaint agus a athchur i gcomhairle le foireann na Seirbhísí Méadraithe de réir mar is cuí.
• An custaiméir a chur ar an eolas faoi fhadhbanna agus réitigh, iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin ghéaraithe an chustaiméara agus ionadaithe áitiúil agus fiosrú a dhéanamh orthu ina ndiaidh chun tacaíocht a thabhairt do sholáthar seirbhís chustaiméara sheasmhaigh agus bainistíocht a dhéanamh ar an riosca bainteach le sláinte phoiblí agus comhlíontacht.
• Tacaíocht a thabhairt d’fhoirne custaiméara lena n-áirítear Bainisteoirí Bunchuntais agus Seirbhís Chustaiméara le haon saincheist/cheist chustaiméara nó in áiteanna a mbíonn tionchar ag oibreacha ar sholáthar seirbhís chustaiméara orthu.
• Taifead tapa agus tuairisciú cruinn a dhéanamh ar fhaisnéis ábhartha maidir le feidhmíocht an líonra uisce ag baint úsáide as na córais teicneolaíochta a soláthraíodh lena n-áirítear iniúchtaí a logáil agus iarratais a ardú maidir le horduithe fiosraithe agus taifid sláinte agus sábháilteachta agus bainistíocht fardail a uasdátú nuair is gá.
• Cinntiú go gcomhlíontar gach nós imeachta maidir le sláinte agus sábháilteacht agus go bhfeidhmítear measúnuithe riosca (Plean Sábháilteachta san Áit Oibre), go n-úsáidtear trealamh cosanta pearsanta, agus dualgais atá de dhíth faoi Rialacháin Tógála.
• Feithiclí agus innealra Uisce Éireann a oibriú ar bhealach freagrach i gcomhréir le beartais sláinte, sábháilteachta agus slándála feithiclí Uisce Éireann, lena chinntiú go bhfuil leibhéil stoc na bhfeithiclí leordhóthanach chun obair a dhéanamh nuair is gá.
• Seans go mbeidh freagracht ar an té a cheapfar feithicil 3.5 tona / 4.2 tona a oibriú. Seans go mbeidh freagracht ar an té aonad vactor HGV (20 tona +) a oibriú ón iosta chun tancaeir a éascú, más gá
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta:
• Comhoibriú le príomh-pháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ.
• Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompair dhearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh.
• Tacaíocht a thabhairt don Chlár Uisce Éireann um Bunathrú chun Feabhais a sholáthar, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.
• Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.
• Dualgais eile nuair is gá.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
• Oideachas dara leibhéil nó taithí oibre coibhéiseach.
• Is riachtanas íosta é ceadúnas tiomána chatagóir B Éireannach atá iomlán, glan agus bailí. Sainmhínítear ceadúnas glan tiomána mar seo a leanas; níor ciontaíodh an t-iarrthóir i gcion faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre (seachas cion arb é an pionós pointí pionóis a ghearradh ina leith)
• Coinnímid a chéile slán - taithí/tuiscint ar oibriú laistigh de chultúr láidir sláinte agus sábháilteachta.
• Taithí ar obair chothabhála faighte cheana, m.sh. obair i dtimpeallacht tógála/oibreacha bóthair, rud atá ina bhuntáiste.
• Eolas maith agus taithí ar gach scil a theastaíonn ón gcothabháil agus deisiú ar an líonra uisce, rud atá inmhianaithe
• Feasacht nó tuiscint bhunúsach ar líonraí u