Wastewater Operative (Network, Treatment, Network Maintenance & Repair) - Liffey South
Uisce Éireann · East, Ireland
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Is bunchloch í an fheidhm Oibríochtaí Sócmhainní maidir le seachadadh seirbhíse do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus na caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, rud a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus seirbhís do chustaiméirí ar fáil.
Tá freagracht ar fhoireann na nOibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce as soláthar réigiúnach seirbhísí oibriúcháin uisce agus fuíolluisce trí na sócmhainní cóireála agus líonra a oibriú, a iniúchadh, a chothabháil agus a dheisiú.
Bainfidh sainchúram an Oibritheora Cóireála Fuíolluisce le limistéar geografach ar leith agus beidh sé/sí freagrach as oibriú na bpróiseas cóireála ag na hionaid chóireála a sannadh agus as gnáthghníomhaíochtaí cothabhála a dhéanamh ag sócmhainní i gceantar áirithe, ag láithreáin éagsúla de réir mar a iarrfar, agus nuair a iarrfar, i gcomhréir le sceideal na dtascanna.
Bainfidh sainchúram an Oibritheora Líonra Fuíolluisce le limistéar geografach ar leith agus beidh sé/sí freagrach as tacú le hoibriú an líonra uisce agus fuíolluisce chun seirbhís sheasmhach a chur ar fáil do chustaiméirí agus chun gnáthghníomhaíochtaí cothabhála a dhéanamh ar shócmhainní an líonra. Déanfaidh an tOibrithreoir Líonra Fuíolluisce idirphlé tábhachtach leis an gcustaiméir agus réiteoidh sé/sí fadhbanna an chéad uair nuair is féidir.
Tá sainchúram limistéir ag Oibrí Cothabhála agus Deisithe an Líonra Fuíolluisce agus tá sé/sí freagrach as gníomhaíochtaí cothabhála agus deisithe beartaithe agus frithghníomhacha a thacú ar fud bhonneagar an líonra fuíolluisce ar bhealach sábháilte.
Beidh sé riachtanach obair a dhéanamh lasmuigh d’uaireanta oibre agus beidh rátaí oiriúnacha ragoibre agus fuireachais i bhfeidhm.
Táimid i mbun earcaíochta faoi láthair le haghaidh Oibritheoirí chun folúntais reatha a líonadh agus chomh maith leis sin táimid ag iarraidh daoine a chur ar phainéal maidir le folúntais amach anseo. Breithneofar iarratais d’fholúntais don dá ról thuas. Tá sainchuntais phoist iomlána ar fáil thíos.
Tabhair faoi deara go mbeidh sé riachtanach go mbeidh tú lonnaithe laistigh d’achar réasúnta ó limistéar na hoibre/na sócmhainne a shannfar d’fhonn a bheith in ann freagairt gan mhoill do riachtanais taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre.
*Tabhair faoi gur laistigh den scála tuarastail a fógraíodh a bheidh an tuarastal a thairgfear d’iarrthóirí seachtracha rathúla, agus beidh an méid bunaithe ar mheasúnú ar a gcuid scileanna, cáilíochtaí agus taithí ábhartha agus ar a n-ullmhacht chun freagrachtaí an róil a ghlacadh, agus is é €36,640 (an pointe is ísle ar an scála) an tuarastal tosaigh don ról seo.
Measfar iarrthóirí inmheánacha i gcomhréir le cur i bhfeidhm Shamhail Phá Uisce Éireann agus na mbeartas pá gaolmhar.
Deartar an raon tuarastail chun glacadh leis go bhféadfadh iarrthóirí rathúla páirt a ghlacadh san eagraíocht ag céimeanna éagsúla dá ngairm, fad atá scóip á cur ar fáil d’fhorbairt tuarastail amach anseo de réir mar a fhorbraíonn cumas agus eispéireas.
____________________
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Is bunchloch í an fheidhm Oibríochtaí Sócmhainní maidir le seachadadh seirbhíse do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus na caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, rud a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus seirbhís do chustaiméirí ar fáil.
Is ar an bhfoireann sa réimse Bainistíochta O&C Fuíolluisce a luíonn an fhreagracht as seirbhísí oibríochtaí fuíolluisce a sholáthar ar bhonn náisiúnta trí shócmhainní fuíolluisce (líonra/cóireáil) a oibriú, a iniúchadh, a chothabháil agus a dheisiú.
Beidh an tOibritheoir Cóireála Fu