AYN

Bainisteoir Oibríochtaí an Líonra Fuíolluisce/Wastewater Network Operations Manager

Uisce Éireann · Colvill House, Dublin 1, Ireland

Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.

Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.

Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.

Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.

An Ról:

Is ar an bhfoireann Oibriúcháin agus Cothabhála Fuíolluisce a luíonn an fhreagracht as seirbhísí oibríochtaí fuíolluisce a sholáthar ar bhonn náisiúnta trí mheán sócmhainní fuíolluisce a oibriú, a iniúchadh, a chothabháil agus a dheisiú. Tá sainchúram réigiúnach ag an bhFoireann Oibriúcháin agus Cothabhála Fuíolluisce as bainistíocht oibríochta réigiúnach a dhéanamh ar an líonra Fuíolluisce agus ar shócmhainní an líonra agus as an soláthar seirbhísí fuíolluisce a bhaineann leis na freagrachtaí sin trí mheán gníomhaíochtaí oibríochta, cothabhála agus deisiúcháin, chomh maith le sláinte agus le sábháilteacht a bhainistiú. Tá an fhoireann freagrach freisin as cur i bhfeidhm an phlean réigiúnaigh oibríochtaí, cothabhála agus deisiúcháin a chuimsíonn cuid den phlean náisiúnta oibríochtaí, cothabhála agus deisiúcháin, a chuireann leis an méid sin a fhorbairt, a bhainistiú, a chur i bhfeidhm agus a fhaomhadh. Is gné lárnach d’fhreagracht na foirne seo gníomhaíochtaí athraithe agus aistrithe a bhainistiú, go háirithe sna céimeanna tosaigh agus an fhoireann oibríochtaí réigiúnach ag scaradh ina bhfoirne ar leith uisce agus fuíolluisce agus déantar na bealaí oibre a chaighdeánú.

Tá sainchúram réigiúnach ag Bainisteoir Oibríochtaí an Líonra Fuíolluisce, a bheidh freagrach do Bhainisteoir Sinsearach Oibríochta agus Cothabhála Réigiúnaí Fuíolluisce, agus tá an bainisteoir freagrach as soláthar agus feidhmíocht sheirbhísí an líonra Fuíolluisce a bhainistiú chun caighdeáin maidir le comhlíonadh Fuíolluisce agus seirbhís do chustaiméirí a chinntiú. Beidh Bainisteoir an Líonra Fuíolluisce freagrach as oibriú agus cothabháil shábháilte shócmhainní an líonra Fuíolluisce i réigiún ar leith, chun tionchar ar an gcomhshaol agus ar chustaiméirí a chosc, fad a chuirtear le feidhmíocht agus le héifeachtúlacht sócmhainní.

Déanfaidh Bainisteoir Oibríochtaí an Líonra Fuíolluisce bainistíocht dhíreach ar fhoirne allamuigh agus beidh sé/sí freagrach as cur chun feidhme polasaithe agus nósanna imeachta an Fhostóra maidir le SSCT san Ionad Oibre, Tuairisciú Eachtraí agus bainistíocht ar Chonraitheoirí Oibríochta atá ag obair ar ár Sócmhainní agus ar ár Líonraí.

Tacóidh sé/sí le cláir SSB agus Mionchaipitil chun a chinntiú go bhfreastalaíonn an fhoireann Bainistíochta Sócmhainní orthu. Sainaithneoidh siad easnaimh agus réimsí inar féidir feabhas a bhaint amach i leith caighdeáin oibríochta agus comhordóidh siad na próisis infheistíochta.

Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:

- Na gníomhaíochtaí cothabhála beartaithe agus frithghníomhacha agus gníomhaíochtaí na bhfoirne deisiúcháin ar fud bhonneagar an líonra fuíolluisce a bhainistiú.

- Bheith freagrach as bainistíocht agus maoirseacht ar sholáthar éifeachtach seirbhísí oibríochta i leith Fuíolluisce, faoi thalamh, sa réigiún trí mheán na sócmhainní agus na foirne oibríochta líonra Fuíolluisce allamuigh a bhainistiú.

- Maoirseacht a dhéanamh ar bhainistíocht ghníomhaíochtaí oibríochtúla agus cothabhála agus obair deisiúcháin an líonra fuíolluisce, lena n-áirítear freagairt fhrithghníomhach ar thitim séarach agus baic i bpíobáin agus i stáisiúin chaidéalúcháin a ghlanadh; oibríochtaí glantacháin, séaraigh, stáisiúin chaidéalúcháin, comhbhrúiteoirí soghluaiste; slabhraí agus trealamh ardaithe; scagairí a ghlanadh ar forsceitheadh stáisiún caidéalúcháin; imscrúduithe agus mion-uasghráduithe; séaraigh lochtacha a cheartú, srl.

- Tacú le Bainisteoirí Príomhchuntas maidir le haon cheisteanna a bhaineann le Príomhchuntais ina gceantar réigiúnach, lena n-áirítear cuairteanna ar láithreáin nuair is gá.

- Dul i mbun comhairle le bainistíocht na nÚdarás Áitiúil agus le foirne ÚÁ nuair a tharlaíonn Teagmhais Tuile agus an t-idirphlé idir an líonra iomlán UÉ agus líonra séarachais uisce dromchla an Údaráis Áitiúil a bhainistiú.

- An buiséad foriomlán a leithdháileadh ar fhoirne an Líonra Fuíolluisce a bhainistiú chun a chinntiú go soláthraítear seirbhísí gan an buiséad a shárú agus aon riosca do na buiséid a shainaithint agus a bhainistiú, lena gcinntítear go gcloítear leis an bpróiseas faofa riachtanach agus go ndéantar teagmháil leis an réimse feidhme Airgeadais chun rioscaí a mhaolú. Áireofar leis sin úsáid fhoriomlán ábhair agus bainistíocht fardail, lena n-áirítear éifeachtúlachtaí a shainaithint agus cothromaíocht a fháil idir tosaíochtaí a thagann salach ar a chéile de réir mar is gá. Foréilimh Cheannaithe a fhaomhadh, lena n-áirítear iarratais fhreagracha agus iarghabhálacha de réir próisis agus Polasaithe Fála.

- Maoirseacht a dhéanamh ar rolladh amach leathnaithe chórais Uisce Éireann do Bhainistíocht Oibre, lena n-áirítear Maximo, agus tacú le húsáid a bhfeidhmiúlachta iomláine ar fud an Fhórsa Oibre Allamuigh.

- Tuarascálacha rialta a sholáthar don Bhainisteoir Réigiúnach Oibríochtaí agus Cothabhála Fuíolluisce ar dhul chun cinn oibríochtúil réigiúnach de réir mar is gá.

- Maoirseacht a dhéanamh, i ndlúth-chuibhreann leis na Speisialtóirí Oibríochtaí Punainne, ar chomhtháthú agus ar choimisiúnú sócmhainní nua ó infheistíochtaí caipitil sa chéim oibríochta.

- Bheith freagrach as teagmháil agus comhar a dhéanamh leis an bhfoireann Pleanála do Shócmhainní chun tacú le sainiú agus bainistiú an phlean infheistíochta, go sonrach; an bonn sócmhainní (feidhmíocht & riocht) a thuiscint, tabhairt faoi mheasúnuithe riosca, sainaithint riachtanas agus giniúint idirghabhála.

- Bainistiú a dhéanamh ar fhreagra imeachtaí agus na nithe seo a leanas a chinntiú: freagairt thráthúil ar aláraim, clúdach éigeandála a sholáthar agus saincheisteanna agus eachtraí a bhaineann le sócmhainní bonneagair an líonra Fuíolluisce a réiteach.

- Na foirne a bhainistiú chun an custaiméir a chur ar an eolas faoi shaincheisteanna agus faoi réitigh, gearáin ghéaraithe an chustaiméara/an ionadaithe áitiúil a iniúchadh agus iad a fhiosrú chun tacú le soláthar seirbhíse custaiméirí seasmhaí agus an riosca a bhaineann le sláinte phoiblí agus le comhlíontacht a bhainistiú.

- A chinntiú go gcloítear agus go gcomhlíont

Apply on the employer’s site